CONAMARA
Ó Mhontreal go dtí Seattle,
Ó New Orleans go San Antone,
Bíonn daoine óga ann ag taisteal,
Ag saothrú saoil dóibh féin níos mó.
Curfá:
Ú Conamara, tá tú imithe uaim ró-fhada,
Ó mo chuimhne, ó mo chroí,
Ú Conamara, chaith tú seal le bean a’leanna – i do luí.
Ó níor theastaigh uathu imeacht,
Óna gcairde, óna gclann,
Ach céard eile a bhí le déanamh,
Nuair nach bhfuil aon obair ann.
Ó Indreabhán go hIoras Aithneach,
Na hoileáin, Camus, Ros a’Mhíl,
Bíonn daoine óga ann ag taisteal,
Ní fhillfidh mórán arís choíche.
Cumadóir/copyright: Seán Ó hÉanaigh
Mikey Ó Flatharta a thóg an griangraf / photo by Mikey Ó Flatharta.