Home / Baile

The Tides That Bind by Seán Ó hÉanaigh / Seán Heaney

The Tides That Bind (Fánaíocht in Irish) is an album by singer songwriter Seán Ó hÉanaigh (Seán Heaney).

Over the years Seán has written many popular Irish language songs, his best known one, Conamara is very much a standard track among Irish speakers country-wide. He was a member of the band Roudledum in the 80s and of the band ÉINNIÚ in the 90s. He works in radio and is the co-presenter of the series Sruth na Maoile, a co-production between RTE Raidió na Gaeltachta and BBC Raidio nan Gaidheal Scotland, which celebrates the Irish and Scottish tradition of music and singing.

Seán was born in South Boston, Massachusetts to Irish parents who emigrated in the late 40s early 1950s. There was always music and singing in the house and both his parents, Michael Heaney and Kate Coyne, came from musical families. Indeed his uncle, the late folk singer Joe Heaney, was awarded a National Endowment for the Arts award in the United States for his contribution to folk music.

When Seán was nearly 10 years old, Michael and Kate decided to move their family back to Conamara, Co. Galway, where they were from originally, an area of strong linguistic and cultural tradition. On her return, Kate felt that it would be a good thing to write the lyrics of the songs she had learned from childhood and from older emigrants in the US into a notebook, in case the rich heritage she knew would ever be forgotten. She felt the tradition of folk songs should be available to future generations. Over the years she wrote down practically every song she knew of Irish and English lyrics, as well as old sayings and little stories.

In 2010, when Seán told her he was thinking of recording an album of songs, she suggested that he might consider recording some of the songs in her collection. As he went through the songbook, Seán could recall the house parties in Boston and in Conamara where he had first heard many of them performed. He reminisced with Kate and her sister Mamie (they both lived in the US and are photographed together in the album booklet) about their shared heritage and the stories behind the old songs. He chose the songs he hoped he could do justice to, and with some of his own compositions and songs he learned during his 20 years of presenting Sruth na Maoile, the album was recorded.

Kate Coyne understood the importance of keeping the tradition alive. She died on New Year’s Day 2013, but not before hearing the recordings that would eventually appear on this new album, The Tides That Bind.

The album is being distributed by / is available online:
www.cic.ie

www.peadaroriada.ie

——————————————————————————————-

The Tides that Bind/Fánaíocht an teideal atá ar an albam seo le Seán Ó hÉanaigh- amhránaí, cumadóir agus craoltóir as Conamara.  Tá amhráin thraidisiúnta i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidlhlig le cloisteáil ar an albam, chomh maith le hamhráin nua-chumtha ag Seán.

Fuair Seán an ceol le huachta. Ba as Conamara dá thuismitheoirí Michael Éinniú agus Kate Ní Chadhain.  Bhí ceol ar dhá thaobh an teaghlaigh, agus bhí an-cháil ar a uncail Joe Éinniú mar amhránaí sean-nóis.  Rugadh Seán i mBostún, Mheiriceá, agus bhí sé báite i gcultúr na hÉireann thall.  Is cuimhin leis go mbíodh ceol i gcónaí sa teach – Irish Hour ar an raidió, ceirníní de cheol traidisiúnta á gcasadh, agus neart oícheanta airneáin freisin.  Bhog an teaghlach ar ais go hÉirinn nuair a bhí Seán beagnach 10 mbliana d’aois, agus chuir siad fúthu i Ruisín na Mainíoch, Carna.  Go gairid théis dóibh a theacht abhaile, thosaigh Kate ag breacadh síos focail na n-amhrán a bhí aici i leabhar nótaí le clúdach dearg.  Tháinig go leor de na hamhráin atá ar an albam seo as an leabhar nótaí sin, agus tá an t-albam tiomnaithe do Khate, a bhásaigh ar 1 Eanáir 2013.

Tá Seán ag cumadh amhrán agus ag gabháil fhoinn ó bhí sé óg. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Roudledum, a bhíodh ag casadh ar fud an iarthair sna 80í.  I 1990, bhunaigh sé an grúpa Éinniú, agus sa bhliain 1992 d’eisigh siad albam ar lipéad Chló Iar-Chonnacht (CIC). Amhráin a chum Seán, den chuid is mó, a bhí le cloisteáil ar an albam sin, cuid acu a bhfuil an-tóir orthu go fóill, an t-amhrán ‘Conamara’ ina measc.  Is é The Tides that Bind / Fánaíocht an chéad albam aige ó shin.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá aithne go forleathan ar Sheán mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireann sé an clár Sruth na Maoile i láthair lena chomh-bhádóir Mairi Anna Nic Ualraig ó BBC Raidio nan Gaidheal. Go deimhin, ba in Albain a taifeadadh an t-albam seo, in Ardgour. Tá Mairi Anna le cloisteáil air, chomh maith leis na ceoltóirí Allan Henderson, Blair Douglas, Findlay Napier, Chaz Stewart agus Signy Jacobsdottir, ceoltóirí atá luaite le bannaí ar nós Blazing Fiddles, Runrig, Cliar agus Capercaillie. Tá Maidhc Ó hÉanaigh, mac le Seán, le cloisteáil ar an albam freisin.

Is féidir an dlúthdhiosca a cheannach ón suíomh idirlín www.cic.ie agus www.peadaroriada.ie

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán ag tidesthatbind@outlook.ie